'Náireach' é breith an Aire Dlí agus Cirt ar na radharcanna a chonacthas taobh amuigh den Dáil inné.
Dúirt Helen McEntee nach raibh ' áit ar bith sa daonlathas' don chineál sin iompair.
Níorbh fhéidir le roinnt teachtaí Dála agus baill foirne Tithe an Oireachtais a fhágáil ar feadh roinnt uaireanta a chloig inné de bharr na heachtra.
Dúirt Helen McEntee go ndéanfadh an Rialtas cearta daoine chun agóide síochánta a chosaint ach gur imeaglú agus bagairt a bhi ar bun inné in aghaidh ionadaithe tofa agus baill den Gharda Síochána agus iad i mbun a gcuid oibre ar son an phobail agus an Stáit.
'Mionlach beag daoine a bhí i gceist', a dúirt sí,'nach bhfuil ionadaíoch ar mhórchuid na ndaoine'.
Labhair sí le Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris faoin eachtra.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt nár theastaigh uaithi go mbeadh faitíos ar pholaiteoirí siúl ar an tsráid ar eagla go ndéanfaí imeaglú nó géarleanúint orthu, ná go mbeadh teacht srianta acu ar Thithe an Rialtais.
'Ionsaí ar bhonn an daonlathais' a thug an Ceann Comhairle ar an eachtra taobh amuigh den Dáil.
Dúirt Seán Ó Fearghaíl TD freisin nach féidir a leithéid chéanna a fheiceáil riamh arís.
'Muna dtabharfaí dúshlán na ndaoine seo', a dúirt sé, 'd'fhéadfadh muid bheith sa riocht ina raibh na Stáit Aontaithe i ndiaidh an toghcháin uachtarántachta deireanaí ansin'.
Bhi cruinniú ag Seán Ó Fearghaíl le Drew Harris nuair a thosaigh sos an tsamhraidh le haird a tharraingt ar an mbrú a thagann ar theachtaí Dála agus ar an bhfoireann ón drochíde seo.