Tá an scoláire Gaeilge agus Fraincise, an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin, tar éis bháis. Bhí sé 92 bliain d'aois.
Ba i Rúscaigh, Co Thír Eoghain, i 1931 a rugadh an Doibhlineach agus ba i gColáiste Cholm Cille i nDoire a fuair sé meánscolaíocht.
Fuair sé ollscolaíocht i Má Nuad, sa Róimh agus sa Sorbonne i bPáras.
Ollamh le Nua-Theangacha i gColáiste Phádraig, Má Nuad, a bhí ann ó 1958 go 1996 agus bhí sé ina Leas-Uachtarán ar an gcoláiste ó 1979 go 1982.
Ina cheann sin, bhí sé ina Reachtaire ar Choláiste na nÉireannach i bPáras ó 1984 agus ina Rúnaí Ginearálta ar an Fondation Irlandaise sa chathair sin ó 1991 go 2001.
Úrscéalaí, drámadóir, criticeoir liteartha, aistritheoir agus foclóirí ab ea Breandán Ó Doibhlin.
Scríobh sé trí úrscéal Gaeilge, mar atá, Néal Maidine agus Tine Oíche (1964), An Branar gan Cur (1979) agus Sliocht ar Thír na Scáth (2018).
I sraith alt a foilsíodh in Irisleabhar Mhá Nuad sna 1960í, bhain sé fónamh as modhanna criticeoireachta Fhrainciseoirí an nouvelle critique – leithéidí Roland Barthes – le scríbhneoirí nua-aoiseacha na Gaeilge a léirmheas.
D'aistrigh sé Leabhar Íseáia Fáidh ón Eabhrais go Gaeilge le haghaidh Bhíobla Mhá Nuad, agus bhí sé ina eagarthóir agus ina phríomhaistritheoir ón bhFraincis ar Chaiticiosma na hEaglaise Caitlicí.
D'aistrigh sé go Gaeilge chomh maith léithéidí Rabelais, Montaigne agus Pascal, mar aon le duanaire d'fhilíocht liriciúil na Fraincise.
Bhronn Rialtas na Fraince an Légion d'honneur ar Bhreandán Ó Doibhlin in 2001 as an liosta le háireamh gaiscí a bhí déanta aige go nuige sin, mar a bhí, caidreamh cultúrtha idir an Fhrainc agus Éire a chothú, an bhaint a bhí aige le hathchóiriú Choláiste na nÉireannach i bPáras, léann na Fraincise a chur chun cinn in Ollscoil Mhá Nuad agus clasaicí na Fraincise a aistriú go Gaeilge, mar a luadh anuasana.
I gcomhráiteas ó Uachtarán agus ó Reachtaire Choláiste Phádraig, Má Nuad, dúradh gur cúis mhór bhróin do phobal an choláiste bás Bhreandáin Uí Dhoibhlin.
"Gabhaimid buíochas ó chroí le Dia as a fhinnéacht shagartúil dhílis aiceanta agus as a oidhreacht shaibhir scolártha", arsa siad.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ