skip to main content

Ógánach maraithe i dtionóisc bhóthair i gCo Mhuineacháin

Ógánach maraithe i dtionóisc bhóthair i gCo Mhuineacháin
Ógánach maraithe i dtionóisc bhóthair i gCo Mhuineacháin

Maraíodh ógánach seacht mbliana déag d'aois i dtimpiste bóthair i gCo Mhuineacháin go moch ar maidin inniu.

Deir na Gardaí gur imigh an gluaisteán a bhí an t-óganach a thiomáint den bhóthar i gCarraig an Doire, Cluain Tiobraid, ag thart ar 1.30 ar maidin agus gurb amhlaidh a fuair sé bás ar an mball.

Tugadh a chorp go hOspidéal Ginearálta Mhuineacháin, mar a ndéanfar scrúdú iarbháis air níos deireanaí inniu.

Tá stráice de sheanbhóthar an N2 i gCarraig an Doire dúnta fad is atá scrúdú teicniúil á dhéanamh ag Gardaí ar láthair na timpiste.

Tá na Gardaí i Muineachán ag achainí ar aon duine a chonaic ar tharla nó a mbeadh aon eolas ábhartha eile acu teacht chun cainte leo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ