Tá eagraíochtaí cearta daonna ag éileamh ar an Stát imscrúdú reachtúil poiblí a bhunú maidir leis an drochíde a tugadh do roinnt fear agus iad á gceistiú ag Gardaí maidir le robáil a rinneadh ar thraein sna Solláin i gCo Chill Dara i 1976.
I 1978, ciontaíodh go héagórach sa robáil triúr ball den IRSP – Osgur Breatnach, Nicky Kelly agus Brian McNally.
Idir naoi mbliana agus dhá bhliain déag príosúin a gearradh ar an triúr.
Bhí Nicky Kelly teite ón tír faoin am sin ach gearradh téarma príosúin air in absentia.
Bhí ciontú na bhfear bunaithe den chuid ba mhó ar na hadmhálacha a bhain na Gardaí astu leis an láimh láidir.
I 1980, ghlac an Chúirt Achomarc leis gur chaith na Gardaí go brúidiúil leis na fir agus scaoileadh saor ón bpríosún iad.
Go gairid ina dhiaidh sin, d'admhaigh an tIRA Sealadach gurbh iad a bhí freagrach as an robáil, dream nach raibh aon duine den triúr bainteach leo.
D'fhill Nicky Kelly ar Éirinn ach, ainneoin rialú na Cúirte Achomharc, cuireadh i bpríosún é agus níor scaoileadh saor é go dtí 1984 i ndiaidh dó dul ar stailc ocrais.
Inniu, chuir eagraíochtaí cearta daonna agus an triúr fear araon achainí faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt ina n-éilíonn siad ar an Stát imscrúdú reachtúil poiblí a bhunú.
Deir an Chomhairle um Chearta an Duine go bhfuil cás na bhfear "ar cheann de na hiomraill cheartais ba mheasa riamh sa tír seo".
Ghabh Uachtarán na hÉireann pardún le Nicky Kelly ach níl leithscéal gafa ag na Gardaí ná ag an Stát go dtí seo le Brian McNally ná le hOsgur Breatnach.

"Caoga bliain atá muid ag troid ar son an iniúchta seo", a dúirt Osgur Breatnach le Nuacht RTÉ inniu.
"Bhí tionchar uafásach ag na heachtraí seo ar fad ar ár dteaghlaigh agus orainne go pearsanta.
"Tá go leor tacaíochta á fháil againn anois ó eagrais náisiúnta ar son cearta daonna agus ó eagrais idirnáisiúnta freisin.
"Mar sin", arsa sé, "iarann muid ar an Rialtas iniúchadh a chur ar bun chomh luath agus is féidir".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ