Tá bean óg as Éirinn tar éis bháis agus í ag cadhcáil in aice le Washington DC sna Stáit Aontaithe.
Bhí Ella Mills as Baile Átha Cliath ag cadhcáil ar Abhainn an Potomac in éineacht le mic léinn eile ó Ollscoil Columbia i Nua-Eabhrac nuair a cailleadh í.
Mac léinn Béarla i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath ab ea Ella.
I ráiteas, dúirt Coláiste na Tríonóide gur mór an phúir a bás.
Dúradh go raibh Ella ag staidéar sna Stáit Aontaithe ó thús na míosa seo mar chuid dá cúrsa fochéime.
Dúradh gur bhall í de chumainn éagsúla sa choláiste, an Cumann Drámaíochta agus an Cumann Leadóige ina measc.
Dúirt Uachtarán Ollscoil Columbia Minouche Shafik gur cás léi muintir agus cairde Ella i bhfianaise a báis agus thug sí le fios go gcuirfí seirbhísí comhairleoireachta ar fáil dá comhscoláirí thall.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ