skip to main content

An craoltóir cáiliúil Rónán Mac Aodha Bhuí ar shlí na fírinne

Rónán Mac Aodha Bhuí i mbun a ghairme
Rónán Mac Aodha Bhuí i mbun a ghairme

Tá an craoltóir aitheanta as Gaeltacht Dhún na nGall Rónán Mac Aodha Bhuí tar éis bháis in aois a thrí bliana déag agus dhá scór. Bhí sé tinn le tamall de bhlianta.

Bhí an-ghean ag lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta go háirithe ar Rónán agus bhí an-tóir acu ar na cláir a chuireadh sé i láthair de chionn chomh spraíúil, suáilceach agus nuálach agus a bhí sé.

Ba i gCorcaigh a rugadh Rónán Mac Aodha Bhuí ach ba i gCois Cláidí i nGaoth Dobhair a oileadh agus a tógadh é.

Chuaigh sé ar an bhunscoil áitiúil agus ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair ina dhiaidh sin.

I 1987, nuair a bhí sé seacht mbliana déag, shocraigh Rónán ar aghaidh a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath le tabhairt faoi chúrsa iriseoireachta i gColáiste Dhúlaigh sa Chúlóg.

Ba as an am sin a chleacht sé ceird na craoltóireachta, tráth a thosaigh sé ag obair don stáisiún raidió neamhdhleathach NSCR sa chathair agus don stáisiún DCR i Leitir Ceanainn ag an deireadh seachtaine.

I 1988, fuair sé post in Century Radio, áit ar bhain sé cáil náisiúnta amach mar léitheoir nuachta Gaeilge, agus go háirithe as an siar is aniar in áit na mbonn idir é agus láithreoirí eile.

Bhog sé go RTE in 1989, áit ar chuir sé a chuid scileanna ag fónamh ar an chlár teilifíse Scaoil Amach an Bobailín in éindí le Bláthnaid Ní Chofaigh.

Tugadh ardán laethúil dó i 1993 nuair a thosaigh sé ag láithriú an chláir Cois Life ar Raidió na Gaeltachta.

Duine tréadúil ab ea Rónán agus reáchtáladh sé go leor ócáidí scoraíochta Gaeilge nuair a bhí sé sa phríomhchathair.

Bhunaigh sé An Ciorcal Craiceáilte agus d'eagraíodh sé féilte i nGaeltacht Ráth Chairn le Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath agus Chúige Laighean a thabhairt a chéile.

I 1997, d'fhill Rónán ar Ghaoth Dobhair agus thug sé faoin chlár Rónán Beo a chur i láthair ó stiúideo Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga.

Rinne sé cláir theilifíse do RTÉ agus do TG4 chomh maith i gcaitheamh an ama sin.

Bhí an-dáimh ag Rónán le pobal Gaeilge an Tuaiscirt agus bhíodh ceoltóirí agus aíonna ó na sé chontae ar a chlár raidió aige go minic.

Bhí baint mhór aige leis an ghluaiseacht chearta teanga ó thuaidh fosta.

Rónán ag Oireachtas na Samhna 2017

Nuair a fuair sé amach ceithre bliana ó shin go raibh ailse air, thiomsaigh a iliomad cairde chuige le tacú leis.

Mar sholaoid ar chomh mór agus a bhí sé faoi mhuirn ag daoine, bunaíodh feachtas GoFundMe ar a shon i dtús na bliana le go bhfaigheadh sé cóireáil leighis thar lear.

Ní call a rá gur bailíodh na táinte.

D'imíodh an gáire go nádúrtha ar Rónán go minic

Fuair Rónán Mac Aodha Bhuí bás sa bhaile inniu agus a dhaoine muinteartha ina chuideachta.

Cuimhneofar air mar chraoltóir cumasach agus cróga agus, b'fhéidir thar aon rud eile, mar dhuine a raibh an-nádúr ann.

Maireann a bhean chéile Bernie agus a n-iníon Fionnuala.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ