skip to main content

Cúiseanna tromchúiseacha i gcoinne Russell Brand

Russell Brand a bheas os comhair cúirte leis na líomhaintí a fhreagairt
Russell Brand a bheas os comhair cúirte leis na líomhaintí a fhreagairt

Sa Ríocht Aontaithe, tá an fuirseoir agus an fear grinn Russell Brand cúisithe in éigniú, ionsaí gnéis agus mí-úsáid mhothúnach.

Baineann na cúiseanna le heachtraí a tharla más fíor thar roinnt mhaith blianta nuair a bhí Brand i mbarr a réime.

Ceathrar ban atá ag maíomh go ndearna sé ionsaithe orthu ag amanna éagsúla idir 2006-13.

Ní raibh duine de na mná ach 16 nuair a hionsaíodh ise de réir na gcúiseanna atá tugtha ina aghaidh Brand.

Ba sa tréimhse sin a bhíodh Brand le cloisteáil go minic ar raidió, le feiceáil ar an teilifís agus ag aisteoireacht i scannáin.

Séanann Brand , atá 48 bliain d'aois, na líomhaintí ar fad atá ina choinne.