skip to main content

Imreoirí rugbaí na tíre seo buacach i Nantes

Príomhchóitseálaí na hÉireann Andy Farrell an-sásta, shamhlóinn
Príomhchóitseálaí na hÉireann Andy Farrell an-sásta, shamhlóinn

Tráthnóna inniu bhuail Éirinn Tonga 59-16 i gCorn Rugbaí an Domhain atá ar siúl sa Fhrainc.

Scóráil Éirinn 8 n-úd ar fad sa chluiche seo agus iad ag gnóthú 5 phointe eile i bPúl B.

Agus bhain Johnny Sexton amach a churiarracht féin mar nach bhfuil aon imreoir eile riamh go dtí seo a chaith geansaí na hÉireann, a bhfuil an oiread pointí scóráilte aige.

Ba é seo an dara cluiche ag Éirinn sa chomórtas seo i ndiaidh dóibh an Rómáin a chur de dhroim seoil go cuimsitheach (82-8) an tseachtain seo caite.

Bua cuimsitheach ag na hÉireannaigh ar an Rómáin

Ba é seo an 3ú huair ag Éirinn ag imirt in aghaidh na tíre seo, oileán atá suite san Aigéan Ciúin.

Tá siad buailte anois ag na hÉireannaigh faoi thrí.

Malakai Fekitoa, imreoir le Tonga

Fágann bua na hÉireann go bhfuil siad 6 phointe chun tosaigh anois ar bharr Púl B.

Tá An Afraic Theas agus Albain fós le n-imirt acu sa ghrúpa seo agus súil ansin acu dul chun cinn chuig na cluichí ceathrú ceannais.

Ansin féachfaidh siad lena stair féin a dhéanamh ansin agus a mbealach a dhéanamh chomh fada leis an gcluiche leathcheannais den chéad uair riamh i gcomórtas ar cuireadh tús leis i 1987.