Aréir a cuireadh tús le séasúr nua den chlár iomráiteach teilifíse 'The Late Late Show' atá á chraoladh anois ag an gcraoltóir náisiúnta,RTÉ le breis is leathchéad bliain.
Ba aréir freisin a chuir an craoltóir agus an fear siamsaíochta,Patrick Kielty an clár i láthair den chéad uair agus tuairim ghinearálta ann gur éirigh go maith leis.
Ar dhuine de na haíonna a bhí ar an gclár bhí iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa.
Dúírt sise gur chreid sí go raibh pobal oileán na hÉireann ag dul i dtreo Éire Aontaithe.
Dúirt sí freisin go bhféadfadh sé go mbeadh ballraíocht in athuair ag Tuaisceart Éireann san Aontas Eorpach agus go gcuirfeadh sin ar fad dlús le hÉire Aontaithe.
'Tá reifreann ar a léithid mar chuid den socrú i gComhaontú Aoine an Chéasta' a deir si,comhaontú a síníodh breis is 25 bliain ó shin a chuir deireadh den chuid is mó le heachtraí foiréigin ó thuaidh den teorainn.
Ar ábhar níos éadroime rinne an t-iar Uachtarán cur síos ar an mbealach a bhfuil a hiníon, ar cóitseálaí de chuid CLG í, i ndiaidh í a dhíbirt ón taobh líne.
Spreagadh an cur síos seo nuair a chuir Patrick Kielty an cheist uirthi an raibh sí 'ina bean fhiáin ar an taobhlíne i gcónaí'.
'Tá mé athraithe ó bhonn' a deir an bhean a chaith 2 thréimhse mar Uachtarán ar an tír idir 1997-2011.
D'admhaigh sí gur mhinic léi a bheith ag béicíl ón taobhlíne ar réiteoirí ach 'chuir m'iníon críoch leis sin' a dúirt sí.
Thrácht sí ar uair amháin a hiompraíodh ón taobhlíne í de bharr a cuid iompair ag cluiche peile Sigerson ina raibh an fear a bhí sí lena phósadh ní ba dheireanaí ina saol, ag imirt.
Bhí an fuirseoir agus an t-aisteoir Tommy Tiernan mar aoí freisin ar an 'Late Late' aréir, an chéad chlár a craoladh ó d'éirigh iar-láithreoir leis an gclár céanna,Ryan Tubridy as a chuid cúramaí in RTÉ an mhí seo caite.
Theip air féin agus an t-ard stiúrthóir nua-cheaptha,Kevin Bakhurst theacht ar shocrú maidir le conradh nua raidió don láithreoir.