Tá banríonacha agus ríthe draig le dul i mbun agóide i gcathair Chorcaí anocht in aghaidh athruithe atá curtha i bhfeidhm ag club don phobal aerach sa chathair.
Bhí tóir mhór ar Chambers, ar Shráid Washington, mar theach táibhairne agus spás do thaibheoirí in mbréag éide ban agus don bpobal LADT+.
Ach deir baill den bpobal gur deineadh athbhrandáil agus athainmniú ar an teach tábhairne gan choinne agus tá imní orthu anois nach bhfuil spás caidrimh sábháilte fágtha sa chathair don bpobal aerach.
D'iarr Nuacht ráiteas ar Chambers ach níor chuir siad a leithéid ar fáil go fóill.
Beidh tuilleadh faoi seo ar Nuacht TG4 ar a 7 a chlog.