skip to main content

Sceitheadh truaillithe as monarcha i nDún na nGall faoi smacht

Bhí an bradán, an breac geal agus an eascann i measc na spéiceas éisc a maraíodh. (Pic. Cartlann).
Bhí an bradán, an breac geal agus an eascann i measc na spéiceas éisc a maraíodh. (Pic. Cartlann).

Deir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go bhfuil siad i dteagmháil le Comhairle Co. Dhún na nGall agus le hÁisíneacht na Lochanna i dTuaisceart Éireann faoi eachtra a ba chúis le bás beagnach 1,000 iasc i sruthán in aice le Cúil na gCuirridín.

Dúirt an Ghníomhaireacht i ráiteas gur chuir an comhlacht Aurivo Foods in iúl dóibh Dé Máirt gur tharla sceitheadh de thimpiste óna monarcha ar na Croisbhealaí, amach sa tsruthán a ritheann chuig Abhainn na Finne.

Tuigtear gur dhá chiliméadar den tsruthán atá truaillithe ag an sceitheadh.

Thug an Ghníomhaireacht le fios gur cuireadh beartais i bhfeidhm le nach silfeadh cuid ar bith den sceitheadh ar aghaidh ó thuaidh chuig an Fhinn.

Bhí an bradán, an breac geal agus an eascann i measc na spéiceas éisc a maraíodh, tuigtear.