skip to main content

An ceoltóir Ted Ponsonby as Leitir Ceanainn ar lár

Thug Ted Ponsonby tionlacan uirlise do cheoltóirí aitheanta mar Van Morrison agus Frances Black. (Pic. le caoinchead Highland Radio).
Thug Ted Ponsonby tionlacan uirlise do cheoltóirí aitheanta mar Van Morrison agus Frances Black. (Pic. le caoinchead Highland Radio).

Tá an ceoltóir Ted Ponsonby as Leitir Ceanainn i gCo. Dhún na nGall tar éis bháis.

Méala mór ar a chlann, a chairde agus ar chiorcal an cheoil bás Ted a raibh cáil air mar cheoltóir aonair agus seisiúin i seánraí éagsúla - ina measc ceol tíre, na goirmeacha agus ceol traidisiúnta.

Chomh maith le bheith ina cheoltóir, léiritheoir agus innealtóir aitheanta ceoil a bhí ann.

Ceoltóirí a bhí ina athair Terry agus a uncailí a bhunaigh an Ponsonby Showband. D'fhoghlaim Ted an giotár agus é ina bhuachaill óg agus níos déanaí an dobro.

Bhí sé ina bhall de ghrúpaí mar The Rascals, The Denver Showband agus The Famesuckers.

Sheinn sé uirlisí tionlacain le ceoltóirí mór le rá mar Van Morrison, Frances Black, Kieran Goss, Tommy Fleming agus Sean Keane.