skip to main content

Tionóil fómhair ag na Daonlathaithe Sóisialta agus an Lucht Oibre

Deir Holly Cairns go bhfuil teipthe ar an Rialtas dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu
Deir Holly Cairns go bhfuil teipthe ar an Rialtas dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu

Bhí a gcruinnithe réamh-pharlaiminte Fómhair ag na Daonlathaithe Sóisialta agus ag Páirtí an Lucht Oibre inniu, sula bhfillfidh an Dáil an tseachtain seo chugainn.

Bhí an ghéarchéim tithíochta i measc na n-ábhar a bhí faoi chaibidil ag an dá pháirtí.

Tá buiséad 2024 ar na bacáin agus tá an freasúra ag ullmhú a moltaí siúd don bhuiséad.

Deir na Daonlathaithe Sóisialta, faoi stiúir Holly Cairns, go bhfuil ré an Rialtais reatha ag teacht chun deiridh agus go bhfuil teipthe orthu dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu.

Dúirt Holly Cairns go bhfuil sí réidh le dhul i mbun comhrialtais, tar éis an olltoghcháin.

Cúrsaí fuinnimh, tithíochta agus an costas ard maireachtála a bhí i measc na n-ábhar a pléadh ag a gcruinniú.

Bhí a gcruinniú réamh-pharlaiminte ag Páirtí an Lucht Oibre inniu chomh maith.

Léiríonn na pobalbhreitheanna nach bhfuil ag éirí go maith leis an bpáirtí mórán dul chun cinn a dhéanamh, ach deir Aodhán Ó Riordain, urlabhraí Oideachais agus Dlí is Cirt an pháirtí, gurb é "glór an pháirtí atá ag teastáil anois níos mó ná ariamh."

Pléadh an ghéarchéim tithíochta, bochtanas fuinnimh, an costas ard maireachtála agus vóta mímhuiníne na nGardaí i Drew Harris ag an gcruinniú.

Fillfidh an Dáil in athuair Dé Céadaoin seo chugainn.