Tá fáilte curtha ag Cumann Tráchtála Dhoire roimh fhógra Ernst & Young go bhfuil siad le 1,000 post a chruthú i dTuaisceart Éireann as seo go ceann 5 bliana, agus go bhfuil bunáit nua réigiúnach beartaithe acu don Iarthuaisceart. Ainneoin nach bhfógróidh an comhlacht ionad na bunáite sin go ceann cupla mí eile, meastar go forleathan gur i nDoire a bheidh sí. Deir uachtarán an Chumainn Tráchtála, Seline Horshi, go bhfuil géarghá le fostaíocht bhreise sa réigiún sin agus go bhfuil an talann fostaithe agus céimithe ar fáil ann.
I mBéal Feirste atá na margaí móra gnó á ndéanamh inné agus inniu agus suas le 200 comhlacht páirteach i gcomhdháil ollmhór infheistíochta atá ar bun sa chathair sin - ócáid a gheall príomh-aire na Breataine, Rishi Sunak ag cuimhneachán Chomhaontú Aoine an Chéasta i mí Aibreáin.
Ernst & Young, nó EY a rinne a fógra fostaíochta is mó - 1,000 post úr do Thuaisceart Éireann, agus deir siad go mbunóidh siad mol nó bunáit réigiúnach san iarthuaisceart.
Ainneoin nach bhfuil sé ráite ag Ernst & Young go fóill gur i nDoire a bheadh an mol réigiúnach seo lonnaithe, glactar leis gur cois Feabhail a bheidh sé.
Dúirt EY go mbeidh siad ag déanamh fógra eile i gceann cúpla mí.
Dúirt Garbhan Downey, ó Colmcille Enterprises, go bhfuil súil aige gur comhartha atá anseo den athrú atá sa dóigh a mbreathnaíonn an rialtas ar Dhoire.
"Más fíor-ghealltanas atá anseo do Dhoire, is dea-scéal é don iarthuaisceart. Postanna maithe atá iontu - suas le Stg£33,000 sa bhliain de thuarastal - sin gar do dhá oiread an mheán ioncaim i nDoire inniu. Seo an cineál poist a spreagfadh ár gcéimithe agus ár gcuid daoine óga fanacht sa bhaile," a dúirt Downey.
Dúirt Ernst & Young go gcuirfidh an 1,000 post úr seo leis an cháil atá ar Thuaisceart Éireann as an ollscolaíocht de chaighdeán domhanda agu an talann áitiúil atá acu.