Táthar dóchasach gur féidir aighneas faoi chrann cumarsáide conspóideach i gCo. Chiarraí a réiteach.
Bliain agus 9 mhí atá pobal Inse ag cur baic ar an gcomhlacht Towercom obair a chríochnú ar an gcrann cumarsáide atá ina sheasamh i ngiorracht 20 méadar do theach cónaithe.
Tá cruinniú beartaithe idir an lucht agóide agus an comhlacht an tseachtain seo chugainn in iarracht teacht ar réiteach.
Thug Comhairle Chontae Chiarraí cead pleanála do Towercom Ltd i mí Deireadh Fómhair 2020 leis an aeróg a chur in airde.
Ach deir muintir Fhoghlú go bhfuil sé ró-chóngarach dá dtigh cónaithe.
Ó mhí na Nollag 2021 tá pobal na háite ag cur baic ar oibrithe an chomhlachta dul isteach ar an láthair.
Tá aighneacht sínithe ag breis agus 22,000 duine atá ag tacú le seasamh lucht an fheachtais.
In iarracht teacht ar chomhréiteach, bhuail ionadaithe pobail agus Teachtaí Dála le Towercom i mí Feabhra na bliana seo caite ach theip ar na hiarrachtaí sin.
Ach tá léas dóchais arís ann agus comhráití beartaithe idir an comhlacht agus coiste an fheachtais an tseachtain seo chugainn.
Cé nach bhfuil baill an choiste sásta aon ráiteas poiblí a dhéanamh roimh an chruinniú, tuigtear go bhfuil dhá láthair ar shleasa an chnoic os cionn an chrainn á dtairiscint ag an gcoiste.
Tuigtear chomh maith go mbeadh an coiste sásta cuid den gcostas a bhainfeadh leis an crann atá ann a aistriú go láthair eile a íoc - tá sé ráite ag an gcomhlacht go bhféadfadh costas €100,000 a bheith ar an obair sin.
Inniu dúirt urlabhraí thar ceann Towercom go mbeadh ionadaithe ón gcomhlacht ag bualadh leis an gcoiste áitiúil Dé Céadaoin seo chugainn.
Dúirt sé go dtabharfaí éisteacht mhaith do ghearáin an phobail agus go ndéanfaí na moltaí a phlé, ach ní raibh sé sásta aon tuairim a nochtadh faoi dhearcadh an chomhlachta i leith na moltaí sin roimh chruinniú na Céadaoine.