Ceal straitéise ón Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann chun cuidiú leis an ngaeloideachas forbairt, deir an Príomhoide ar an aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge i mBéal Feirste go bhfuil ar an scoil féin an ghéarchéim a bhainstiú - easpa cóiríochta cuí, easpa sainmhúinteoirí agus easpa cáilíochta gairmeacha sa nGaeilge.
Bhog daltaí na céad-bhliana i gColáiste Feirste isteach i gcóiríocht úr inniu, ceal spáise sa bpríomhfhoirgneamh scoile mar go bhfuil an scoil ag dul thar maoil le daltaí.
Naoinúr dalta a bhí ag freastal ar Choláiste Feirste nuair a d'oscail sí i 1991 in iarthar Bhéal Feirste.
Inniu tá 200 tar éis tabhairt faoin gcéad bhliain.
Ach ní bheidh siad ag cur futhú go lán-aimseartha sa bpríomhfhoirgneamh scoile nó níl spás ann.
Tógadh an scoil do 600 ach tá beagnach 1,000 anois ag freastal uirthi.
In éagmais iarbhunscoil eile lán-Ghaeilge sa gcathair tá Coláiste Feirste ag bainistiú fás an ghaeloideachais iad féin a deir an Príomhoide Mícheál Mac Giolla Ghunna de dheasca easpa straitéise agus pleanála sa Roinn Oideachais.
Ina theannta sin, níl aon dul chun cinn déanta le suíomh a aimsiú d’iarbhunscoil Gaeilge i dtuaisceart na cathrach ainneoin gealltanais ón Roinn Oideachais roinnt blianta ó shin.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Áine Ní Ghallchóir ar Nuacht TG4 ag 1900.