skip to main content

150 duine ag cruinniú Ghrúpa Gnímh an Mhíoca i gCionn Mhálanna aréir.

Teach i dTír Chonaill loite ag míoca.
Teach i dTír Chonaill loite ag míoca.

I gCionn Mhálanna i gCo Dhun na nGall aréir d'fhreastail thart ar 150 duine ar chruinniú eolais a d'eagraigh Grúpa Gnímh an Mhíoca sa gcondae.

Léiríodh frustrachas mór faoin moill agus an deacracht a deir siad a bhaineann leis an scéim cúitimh is deirní atá tagtha ón Rialtas do dhaoine a bhfuil blocanna lochtacha ina gcuid tithe.

Bhí daoine ann a d'éiligh feachtas úr le cúiteamh 100% a chinntiú in áit an uasmhéid €420,000 atá ar fáil.

Bhí fearg agus mífhoighid le brath i measc mothúcháin eile in Ionad Pobail Chionn Mhálanna faoin Scéim atá ar bun le ráithe anois do úinéirí tithe lochtacha.

€420,000 ar a mhéid atá ar fáil ón Stát ag brath ar an meastúchán a dheanfaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta ar an damáiste atá déanta.

Róise Ní Laifeartaigh agus slua i mbun agóide.

Dúirt cathaoirleach Ghrúpa Míoca Dhún na nGall Lisa Hone go bhfuil na foirmeacha agus na cáipéisí iarratais thar a bheith casta agus gur próiseas deacair é a chruthú go bhfuil míoca sa teach.

Dúirt ionadaí eile atá ag cur comhairle ar an nGrúpa faoi chúrsaí árachais agus baincéireachta gur cheart do na bainc iasachtaí-droichid glan-ar-ús a thairiscint d’úinéirí tí, fad is a bheidh úinéirí i mbun iarratais ar chúiteamh.

Níor cheart do na bainc a bheith "ag déanamh brabúis as prácás den chineál seo" a dúirt sí.

Dúirt bean eile gur íoc sí féin agus a fear €6,000 le hinnealtóir mí Eanáir anuraidh le tuairisc a thabhairt don Ghníomhaireacht Tithíochta ach nach bhfuil a dhath faighte ar ais acu ó shin.

Rinne úinéir eile tí gearán gur dhiúltaigh cuideachta árachais labhairt leis níos mó nuair a fuair siad amach go bhfuil míoca sa teach.

Dúirt an Grúpa go bhfiosrófaí an scéala sin le Cónaidhm Árachais na hÉireann.

Cháin roinnt daoine an tAire Tithíochta Darragh O’Brien agus an tAire Charlie McConalogue as Dún na nGall, gur beag cuidiú a bhí faighte acu uathu.

Mhol daoine eile gan vóta a thabhairt do na páirtithe sa gcomhrialtas an chéad olltoghcán eile, ach vóta a chaitheamh ar son "iarrthóirí ó pháirtí nua" a sheasfadh ar son úinéirí tithe millte.

Láthair na huaire tá 2 ghearán ar leith á n-ullmhú le cur faoi bhráid an Aontais Eorpaigh faoin ngéarchéim agus Dé Sathairn seo chugainn i Leitir Ceanainn reachtáilfear ócáid phoiblí le cuireadh a thabhairt do dhaoine a n-ainm a chur leis an 3,600 achainí atá sínithe cheana féin.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 1900.