Ardóidh líon na marbh go tréan creidtear de bharr fuarlaigh aduaine sa Libia, agus Cumann an Chorráin Deirg/Cumann na Croise Deirge ag trácht ar "na mílte maraithe."
"Tá an líon atá básaithe san an-mhéid" a dúirt Tamer Ramadan ag labhairt ar son an Chumainn as Tunis.
"Óna foinsí neamhspleácha atá againn in oirthear Libia, is eol dúinn go bhfuil 10,000 duine gan tásc ná tuairisc."

Cuireadh drochbhail ar an gceathrú cuid de chathair Derna nuair a theip ar dhambaí le linn stoirme.

Tar éis lascadh a thabhairt don Ghréig an tseachtain seo caite, tháinig Stoirm Daniel ag réabadh anoir ón Meánmhuir arú inné. Derna is measa a d'fhulaing ach buaileadh bailte eile freisin, an dara cathair is mó sa tír, Benghazi ina measc.

Deir an tAire Rialtais Hichem Chkiouat atá ar an gCoiste Éigeandála sa réigiún go bhfuil 1,000 corp aimsithe go dtí seo.
Tuairiscíonn Reuters go bhfuil feithiclí caite chuile áit, tithe faoi uisce, crainnte leagtha.

Tá soláthairtí agus lucht fóirithinte á dtabhairt faoi thionlacan i dtreo na cathrach.
Tá an Libia scoilte agus an taobh thoir ina bhfuil Derna faoi riail éagsúil pholaitiúil ó iarthar na tíre.
Tá stádas idirnáisiúnta ag an Rialtas thiar i Tripoli agus cé nach bhfuil aon smacht acu ar an taobh thoir, tá ábhar fóirithinte seolta acu go Derna, agus eitleán amháin fóirithinte ar a laghad tar éis cathair Misrata a fhágáil ó mhaidin agus 14 tonna ábhair chomh maith le 87 de mheitheal leighis ar bord.

Tá cúnamh tairgthe ag an Éigipt, an Iaráin, Catar agus ag an Iodáil agus tá Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe a deir siad ag iarraidh cuidiú chomh maith.