skip to main content

An Afraic Theas buacach sa chorn mór rugbaí

Éirinn ag scóráil úid i gcoinne na Rómáine
Éirinn ag scóráil úid i gcoinne na Rómáine

D'éirigh leis an Afraic Theas an ceann is fearr a fháil ar Albain i Marseilles tráthnóna agus tús á chur ag na fóirne lena bhfeachtas i gCorn an Domhain.

Beidh Éirinn ag casadh leo seo beirt níos deireanaí sa chomórtas.

NÍ foláir nó beidh Albain díomách lena dtaispeántas ach ba í fírinne an scéil nár lig an Afraic Theas tada leo i gcaitheamh an chluiche.

Trí chúílín a scóráil na hAlbanaigh i gcaitheamh an 80 nóiméad+ a himríodh, bhí 18 ar chlár na scór ag na Springboks.

Bhí rudaí teann go maith idir na fóirne sa chéad leath ach chinntigh úíd ó Pieter-Steph du Toit agus Kurt-Lee Arendse sa dara leath bua cuimsitheach do bhuachaillí Jacques Nienaber.

Inné ar ndóigh i gcathair Bordeaux a chuir na hÉireannaigh tús lena bhfeachtas siúd i gCorn Webb Ellis agus bua gan stró mar a bhíothas ag súil leis ag imreoirí Andy Farrell.

Chloígh siad an Rómáin 82-8 agus bhí tionchar nach beag ag an seanfhundúir Jonny Sexton ar chúrsai, nuair a scóráil sé 24 pointe ar fad.

Imreoidh Éirinn i gcoinne Tonga Dé Sathairn seo chugainn agus an Satharn dár gcionn tabharfaidh siad aghaidh ar an Afraic Theas.

Tá chuile shúíl acu na cluichí sin a bhuachan agus dul chun cinn chuig Cluichí Ceathrú Ceannais an Domhain.

Beidh le feiceáil ansin an n-éireoidh leo áit a bhaint amach sa leath-chraobh den chéad uair riamh nó fiú amháin dul níos faide.

Neosfaidh an aimsir.

Watch live coverage of Ireland v Tonga (Saturday 16 September) and South Africa (Saturday 23 September) on RTÉ2 and RTÉ Player, listen on RTÉ Radio 1 or follow our live blogs on RTÉ Sport Online and the RTÉ News app.

More stories on

Sport

Rugby

Rugby World Cup

Scotland

South Africa