Seolfaidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, an chéad chainéal Gaeilge do pháistí, níos déanaí inniu.
Leanaí in aois bhunscoile a ndíreofar orthu sna cláracha oideachasúla, a bhfuil "ceangail shoiléire" acu leis an gcuraclam.
Cuirfear tús leis an gcraoladh ag 4pm inniu agus is i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann a seolfar an tseirbhís.
Oíche Shamhna 1996 a seoladh TG4 den chéad uair.
Beidh fáil ar Cúla4 ar chainéal 18 ar Saorview, ar chainéal 602 ar Virgin Media, ar chainéal 624 Sky agus ar Eir. Beidh Cúla4 ar fáil ar líne chomh maith.
Beidh rogha leathan clár le feiceáil idir 6am agus 8pm gach lá.
Le cois na gclár oideachais, beidh ábhar siamsaíochta.
Gaeltachta agus Meán, Catherine Martin, i láthair chun an cainéal nua do leanaí a láinseáil.
Beidh seirbhís nuachta sé nóiméad ag an gcainéal ón Máirt go dtí an Aoine ag 1.30pm, a léireoidh Fíbín Media agus a bheidh á cur i láthair ag Aisling Ní Dhonnabháin agus Seán Ó Maoilchiaráin.
Tá earnáil léirithe neamhspleách na hÉireann le sochar a bhaint as an gcainéal nua, agus go leor den ábhar coimisiúnaithe ag Cúla4 uathu.
Déanfar athghuthú freisin ar chartúin idirnáisiúnta.
Is iad Seosamh Mac Seoin, as Béal Feirste, Síle Ní Chonghaile, as Gaillimh, agus Niamh Ní Chróinín, as Baile Átha Cliath, a bheas ag cur na gclár i láthair.