D'fhéadfadh an teocht a bheith níos airde amárach ná mar a taifeadadh riamh i mí Mheán Fómhair sa tír seo, dar le Met Éireann.
Tá fógra buí teasa eisithe ag Met Éireann agus ceaptar go mb'fhéidir go mbeadh an teocht chomh hard le 28 céim in áiteanna inniu, agus níos airde ná 29 céim amárach.
Mairfidh an fógra buí go dtí 8 a chlog maidin Dé Sathairn.
Ba in 2009 i gCoill Chluana Gabhann, Co Chill Dara, a taifeadadh an teocht ab airde riamh i mí Mheán Fómhair.
Chomh hard le 29.1 céim a bhí an teocht sa cheantar sin an lá úd.
Beidh sé an-mheirbh inniu agus amárach agus ní thitfidh an teocht faoi bhun 15 céim i gcaitheamh na oíche, a deir na meitéareolaithe.
Ina dhiaidh sin féin, leathfaidh ceathanna báistí ón oirdheisceart ó thuaidh trasna Chúige Laighean níos deireanaí inniu.
Beidh cuid de na ceathanna trom agus b'fhéidir go mbeadh stoirmeacha toirní agus fuarlaigh ann, go háirithe sna baill is gaire don chósta.
Tá Uisce Éireann ag iarraidh ar dhaoine a bheith spárálach ó tá an-tóir ar uisce faoi láthair.
Deir an comhlacht go mbíonn méadú 20 milliún líotar sa lá ar uisce i mórlimistéar Bhaile Átha Cliath nuair a bhíonn aimsir the ann, gan trácht ar an gcuid eile den tír.
Mar sin féin, deir Uisce Éireann nach bhfuil sé i gceist acu srianta uisce a thabhairt isteach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ