Tá an soláthraí fuinnimh is mó sa Stát Electric Ireland le táillí leictreachais a laghdú 10% agus táillí gáis a laghdú 12% ó thús mhí na Samhna.
Thart ar 1.1 milliún custaiméir atá ag an gcomhlacht agus áirítear go sábhálfaidh siad €212.06 sa bhliain ar an meán ar leictreachas agus €216.67 ar an meán ar ghás de bharr na laghduithe seo.
Seo é an chéad uair ag Electric Ireland táillí a laghdú ó thosaigh praghsanna fuinnimh ag daoirsiú mar gheall ar an gcogadh san Úcráin.
Anuraidh, go deimhin, b'amhlaidh a d'ardaigh an comhlacht táillí fuinnimh trí huaire.
Ó tá praghsanna mórdhíola tite le deireanas, agus ag titim i gcónaí, táthar ag tathant ar chomhlachtaí fuinnimh le roinnt seachtainí táillí custaiméirí a laghdú dá réir.
D'fhógair Energia an tseachtain seo caite go raibh siadsan le táillí fuinnimh a laghdú 20% an mhí seo chugainn agus thug Pinergy le fios go laghdóidís féin táillí leictreachais 9.5% ón 1 Deireadh Fómhair.
Tá comhlacht eile fós, Yuno Energy, ag soláthar fuinnimh do chustaiméirí in Éirinn le cúpla seachtain agus maíonn siadsan gur acusan atá na táillí is saoire ar fad.
De réir na faisnéise is deireanaí, is í Éire an tír is daoire san Eoraip ó thaobh táillí leictreachais de agus an ceathrú tír is daoire ó thaobh táillí gáis de.
Go deimhin, tá táillí leictreachais sa tír seo 80% níos daoire ná an meán san Eoraip.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ