Tá Ard-Chonstábla Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann Simon Byrne éirithe as a phost i bhfianaise na conspóide a tharraing rialú ardchúirte maidir le smachtú beirt phóilíní.
Rialaigh an chúirt Dé Máirt seo caite gur smachtaíodh an bheirt go neamhdhleathach tar éis dóibh fear a ghabháil ag ócáid chuimhneacháin i mBéal Feirste i mí Feabhra 2021.
Dúirt an Breitheamh David Scoffield go ndearnadh an cinneadh na póilíní a smachtú ar eagla go dtarraingeodh Sinn Féin siar an tacaíocht a thugann an páirtí sin don phóilíneacht sa Tuaisceart.
Déardaoin seo caite, thug Simon Byrne le fios go mb'fhéidir go ndéanfaí achomharc in aghaidh rialú na cúirte ach chuir an ráiteas sin fearg ar chumann ionadaíochta na bpóilíní agus ar pholaiteoirí aontachtacha.
Is i gcruinniú de bhord póilíneachta an Tuaiscirt i mBéal Feirste tráthnóna inniu a fógraíodh go raibh an tArd-Chonstábla tar éis éirí as oifig.
Léigh cathaoirleach an bhoird Deirdre Toner ráiteas thar ceann Simon Byrne sa chruinniú.
Is cosúil gur ráiteas gairid a bhí ann agus nach ndúirt sé mórán thar a rá go raibh sé in am duine nua a cheapadh sa phost.
Bhí Simon Byrne i dtrioblóid cheana féin ar aon chuma ó tháing sé chun solais trí seachtaine ó shin gur sceitheadh de dhearmad sonraí fostaíochta mórán gach uile dhuine atá ag obair i Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann.
Foilsíodh ar líne sloinne, túslitir chéadainm, céim, grád, rannóg oibre agus áit oibre thart ar 10,000 duine atá ag obair sa tseirbhís – idir phóilíní agus shibhialtaigh – agus tá na sonraí sin, nó cuid acu, ina seilbh anois ag easaontóirí poblachtacha.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ