Tá an dara cuid don mbailiúchán príobháideach is mó ar domhan d'eitleáin mhionsamhlacha dhíslemhúnlaithe oscailte in Aerfort na Sionainne an tseachtain seo.
Is le Mike Kelly ó chathair Luimnigh an bailiúchán agus tá nach mór 2,500 dá eitleáin bheaga mhiotail tugtha aige don aerfort le cur ar taispeáint.
Tá Mike 72 bliain d'aois agus dúirt sé go mbíodh sé ag dul amach go hAerfort na Sionainne ó bhí sé ina bhuachaill beag ag féachaint ar na heitleáin.
Mhúscail san a shuim i mionsamhlacha agus theastaigh uaidh a thuilleadh a bhailiú.

Measann Mike go bhfuil mionsamhail d'os cionn 90% d’eitleáin aerlínte an domhain ina bhailiúchán, gan eitleáin chogaidh agus eitleáin tharrthála a bhac.
Ina measc, tá mionsamhail don Antonov 225, an t-eitleán ba mhó ar domhan ach a scriosadh le linn an chogaidh san Úcráin.
Ceaptar nach bhfuil aon mhionsamhail eile di ar fáil ach amháin in Aerfort na Sionainne.

Go deimhin, deir príomhfheidhmeannach Ghrúpa na Sionainne Mary Considine go dtáinig an píolota a bhíodh ar an Antonov 225 go dtí an t-aerfort chun an mhionsamhail a fheiscint.
Dar léi go léiríonn san cé chomh neamhghnách is atá an bailiúchán.
Níl a leithéid do thaispeántas in aon áit eile ar domhan, ar sí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ