Tá taispeántas ealaíne curtha ar bun ag teifigh ón Úcráin in Uíbh Ráthach, Co Chiarraí, d'fhonn airgead a bhailiú do mhúsaem atá scriosta ag an gcogadh ina dtír dhúchais.
Tá os cionn leathchéad pictiúir ar taispeáint ag na teifigh i Halla Pobail Bhaile an Sceilg.
Macasamhail do phictiúirí a dhein an t-ealaíontóir clúiteach Maria Prymachenko atá sna híomhánna atá cruthaithe acu.
Ealaíontóir féinmhúinte ab ea Maria Prymachenko a bhain cáil mhór amach san Úcráin le linn an chéid seo caite.
Tá an ealaín ar díol chun cabhrú le músaem beag i mbaile Ivankiv san Úcráin.
Dódh an músaem go talamh nuair a dhein na Rúisigh ionsaí ar an mbaile i mí Feabhra na bliana seo caite.
Meastar gur scriosadh suas le 25 pictiúir a dhein Maria Prymachenko sa bhladhm.
Le tacaíocht ó Bhord Oiliúna agus Oideachais Chiarraí, tá na teifigh ag freastal ar cheardlanna i mBaile an Sceilg ó mhí Eanáir i leith agus iad fé stiúir an ealaíontóra Michael Herrmann.
Is beag taithí a bhí ag na hÚcránaigh ar chúrsaí ealaíne agus is é seo an chéad uair a gcuid saothar a bheith ar taispeáint.
Deir Svitlana Radova, gur ó chathair Melitipol ó dhúchas í, go dtug na ceardlanna faoiseamh dos na teifigh.
"Nuair a bhíomar ag péinteáil d'éirigh linn an ruaig a chur ar an mbrón agus ar an uaigneas. Tá ár saol curtha bunoscionn ach thug an ealaín sólás dúinn. Is deas an rud é go bhfuilimid ag cabhrú leo sa bhaile trí airgead a bhailiú don músaem", a dúirt sí.
Deir an file Paddy Bushe go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an dtaispeántas.
"Ní hamháin go mbraitheann siad go bhfuil rud éigin á dhéanamh acu ar san a dtíre féin ach caithfimid a chuimhneamh go bhfuil bronntannas álainn á bhronnadh acu ar mhuintir Uíbh Ráthaigh. Tá luach cultúrtha ag baint leis na daoine seo atá tagtha inár measc agus ba chóir dúinn a bheith buíoch dóibh", a dúirt sé.
Mairfidh an taispeántas i mBaile an Sceilg ar feadh trí seachtaine eile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ