skip to main content

Tairiscintí ar áiteanna i gcoláistí faighte ag 58,000 duine

Cúrsaí tríú leibhéal: an chéad bhabha tairiscintí eisithe ag an Lár-Oifig Iontrála
Cúrsaí tríú leibhéal: an chéad bhabha tairiscintí eisithe ag an Lár-Oifig Iontrála

Tá tairiscintí ar áiteanna i gcoláistí tríú leibhéal faighte ag beagnach 58,000 duine ón Lár-Oifig Iontrála.

Is é an Lár-Oifig Iontrála a riarann an próiseas iontrála thar ceann choláistí agus ollscoileanna na tíre.

Seoladh 87,075 tairiscint chuig 57,980 iarrthóir agus fuair 60% acu tairiscint ar an gcúrsa Leibhéal 8 – céim ollscoile – a bhí mar chéad rogha acu, ar ardú é sin ó anuraidh.

Fuair 85% d'iarrthóirí tairiscint ar cheann de na chéad trí rogha a bhí acu, ar ardú é ó anuraidh chomh maith.

Fuair 90% d'iarrthóirí tairiscint ar an gcúrsa Leibhéal 6/7 a bhí mar chéad rogha acu.

Baineadh leas i mbliana as roghnú randamach i gcás naoi gcúrsa dhéag, le hais 47 anuraidh.

Baintear leas as roghnú randamach nuair atá a ndóthain pointí le haghaidh cúrsa áirithe ag an iomarca daoine.

Tá an tairiscint nó na tairiscintí atá faighte ag daoine inniu seolta chuig an gcuntas atá acu, má tá, ar an suíomh gréasáin CAO.ie.

Maidir le daoine nach bhfuil cuntas acu ar CAO.ie, is i ríomhphost nó i dteachtaireacht téacs a seoladh tairiscintí chucusan.

Tá sé ráite ag an Lár-Oifig Iontrála cé nach bhfuil ann ach an chéad bhabtha tairiscintí nár mhór do dhaoine a chur san áireamh go mb'fhéidir nach bhfaighidís ach an tairiscint a fuair siad inniu agus go mb'fhéidir nach bhfaighidís aon tairiscint sa chéad bhabhta eile.

Caithfear glacadh le tairiscintí roimh 3 a chlog Dé Máirt seo chugainn.

Cuirfidh an Lár-Oifig Iontrála fógra chomh maith chuig daoine nach bhfuair aon tairiscint.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ