skip to main content

35 dalta i nGaelcholáiste i mBaile Átha Cliath gan bus scoile

Coláiste Ghlór na Mara
Coláiste Ghlór na Mara

Tá thart ar 35 dalta i gColáiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath fágtha gan aon bhus scoile lena dtabhairt ann.

I Sord atá cónaí ar bhunáite na ndaltaí a théann chuig an nGaelcholáiste ach níl aon tseirbhís bhus scoile idir an ceantar sin agus Baile Brigín.

Deir Bus Éireann go bhfuil tairiscintí á lorg acu ó chomhlachtaí bus chun an tseirbhís a chur ar fáil ach admhaíonn siad go bhfuil deacrachtaí acu tiománaithe a earcú in thart ar 2% de limistéir scoile na tíre.

Tá dhá Ghaelscoil i Sord chomh maith, mar atá, Gaelscoil Bhriain Bóroimhe agus Scoil an Duinnínigh.

I ndiaidh do na daltaí a mbunscolaíocht a chríochnú sna Gaelscoileanna sin, tá trí rogha acu siúd ar mian leo leanúint ar aghaidh ag foghlaim trí Ghaeilge.

Is féidir leo dul chuig Gaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde, Scoil Chaitríona i nGlas Naíon nó Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín.

Bunaíodh Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín in 2014 agus de bhrí go bhfuil sé 20 ciliméadar ar shiúl ó Shord, tá na daltaí i dteideal bus scoile a fháil.

Tá na Gaelcholáistí i nDomhnach Míde agus i nGlas Naíon níos cóngaraí do Shord ach ó tharla go bhfuil an dá scoil sin suite ar an mbealach isteach sa chathair, b'fhearr le go leor tuismitheoirí i Sord a leanaí a chur go Baile Brigín in áit a bheith sáinnithe sa trácht ag dul sa treo eile gach lá.

"Seachas an trácht, tá cúis eile lena gcinneadh", a deir Maedhbh Daltún, Príomhoide Choláiste Ghlór na Mara.

"Is Gaelcholáiste ilchreidmheach muid. Is scoil idirchreidmheach í Gaelcholáiste Reachrann agus is Scoil Chaitliceach í Scoil Chaitríona. Tá ár n-éiteas ana-thábhachtach do go leor tuismitheoirí.

"Tá 500 dalta againn sa scoil anseo i mbliana. Tá 35 acu ag teacht ó Shord agus ó bheith ag labhairt le tuismitheoirí, táim lánchinnte go mbeadh níos mó ná sin againn ó Shord dá mbeadh seirbhís iompair phoiblí cheart idir Sord agus Baile Brigín."

Tá beirt mhac ag Jo Fullam i gColáiste Ghlór na Mara.

"Tá sé áiféiseach", a deir sí. "Sa lá atá inniu ann, bíonn tuismitheoirí ag vótáil ar son rogha éitis i scoileanna áitiúla.

"Cuireadh ina luí orainne beagnach deich mbliana ó shin vótáil ar son Gaelcholáiste ilchreidmheach anseo mar dúradh linn go raibh an mheánscoil nua le freastal ar leanaí ó na bunscoileanna lán-Ghaeilge i Sord, i gceantair áirithe i gContae na Mí agus i ndeisceart Chontae Lú.

"Ach céard is fiú don Ghaelcholáiste galánta a bheith anseo i mBaile Brigín mura féidir linn taisteal chuici go héasca?

"Tá airgead mór á chaitheamh againn ar bhreosla. Anuraidh, d'íoc muid as bus príobháideach ach d'éirigh sé róchostasach. Agus céard faoin gcaomhnú comhshaoil?"

Jo Fullam ag plé an scéil le tuismitheoirí eile agus leis an Teachta Dála áitiúil Duncan Smith ó Pháirtí an Lucht Oibre

Deir Bus Éireann go bhfuil cead faighte acu ón Roinn Oideachais seirbhís bus a chur ar fáil agus go bhfuil siad ag lorg tariscintí faoi láthair ó chomhlachtaí príobháideacha chun é a reáchtáil.

Deir an comhlacht freisin, áfach, go bhfuil deacrachtaí tagtha chun cinn i gceantair ar leith ó thaobh ganntanas tiománaithe de.

Tá Bus Éireann chun teagmháil a dhéanamh le teaghlaigh ina bhfuil a leanaí in aois scoile agus nach mbeidh fáil acu ar iompar poiblí ó thús mhí Mheán Fómhair.

I gcásanna áirithe, a deir Bus Éireann, cuirfear deontas eisceachtúil ar fáil dóibh.

Deir lucht Choláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín, ámh, nár chuala siad aon chaint ar dheontas.

Agus fiú dá gcloisfídís, nach mbeadh ann ach réiteach sealadach eile? arsa siad.

Dar leo gur bus atá de dhíth, seachas bolscaireacht.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ