Tá sé ráite ag na húdaráis sa Rúis go raibh ainm Yevgeny Prigozhin, ceannasaí an ghrúpa amhas Wagner, ar liosta na bpaisinéirí a deirtear a bhí ar bord eitleáin a thuairteáil i gceantar tuaithe leath bealaigh idir Moscó agus Cathair Pheadair inné.
Ní dúradh fós cé acu ar timpiste a bhí ann nó ar cuireadh an t-eitleán go talamh d'aon ghnó.
Pé acu é, a deirtear, is amhlaidh a maraíodh gach duine den deichniúr a bhí ar an eitléan.
Chomh maith le Yevgeny Prigozhin, dealraítear go raibh leascheann feadhna Wagner, Dmitry Utkin, ina measc.
Níl dada ráite faoin scéal go nuige seo, áfach, ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin, ar chara cléibh leis é Yevgeny Prigozhin nó gur éirigh eatarthu le deireanas.
Bhí Prigozhin thar a bheith míshásta leis an tacaíocht – nó easpa tacaíochta, dar leis – a bhí lucht Wagner a fháil ó Arm na Rúise in oirthear na hÚcráine agus chuaigh sé chun ceannairce ar stát na Rúise i dtús an tsamhraidh dá bhíthin.
Tháinig sé ar chomhréiteach lena naimhde ar deireadh ach tuairimítear go raibh a rás rite faoin am sin agus gur ina chuid uabhair a bhí a threascairt.
Cé nach cosúil go raibh sé ar a theitheadh, tuairíscíodh in amanna éagsúla ó shin é a bheith sa Bhealarúis agus san Afraic.
Ainneoin nach bhfuil sé deimhnithe go hoifigiúil go bhfuil Prigozhin caillte, tá a lucht tacaíochta á chaoineadh.
I bpostáil ar an meán sóisialta Telegram, dúirt dream atá bainteach le Wagner gur mharaigh fealltóirí [Rúiseacha] é.
I bpáirc i gceantar tuaithe a thuairteáil an t-eitleán inné agus tá sé á thuairisciú ag an ngníomhaireacht nuachta Reuters gur tugadh roinnt corp ón láthair ar maidin inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ