Tá spásárthach ón India tar éis tuirlingt gan tuisliú gar do mhol theas na gealaí, de réir Institiuid Spástaighde na hIndia.
Seo é an chéad uair ag aon spásárthach ó aon tír ar domhan tuirlingt gar don mhol theas.
Is é an chéad uair é freisin – ach an dara hiarracht – ag an India spásárthach a chur chun na gealaí.
Is thart ar 6 a chlog tráthnóna am na hIndia (12.30 am na hÉireann) a thuirling an spásárthach, dá ngairtear Chandrayaan-3, gar don mhol theas.
Bíodh is gur cleite mór i sciathán spáseolaithe na tíre sin atá ann, bainfidh a gcéilí iomaíochta i dtíortha eile sásamh agus fónamh as an éacht freisin i bhfad na haimsire.
Tá dromchla mhol theas na gealaí fíorgharbh agus aimhréidh, agus theip ar iarrachtaí spáseolaithe ó thíortha eile roimhe seo árthach a chur ann.
Go deimhin, theip ar spásárthach ón Rúis tuirlingt ann an tseachtain seo caite féin.
Creidtear go mb'fhéidir go bhféadfaí an-leas a bhaint san am atá le teacht as an leac oighir ag an mol theas.
Cuir i gcás, d'fhéadfaí uisce óil nó ocsaigin le haghaidh spásairí idirnáisiúnta a dhéanamh as an leac oighir, é sin nó breosla a dhéanamh as.
Go nuige inniu, ní raibh tuirlingthe ar an ngealach ach spásárthaí ó thrí thír, mar atá, na Stáit Aontaithe, an tAontas Sóivéadach agus an tSín.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ