skip to main content

"1,100 duine ar a laghad" fós ar iarraidh in oileán Maui

Baile Lahaina léirscriosta ag loscadh mór
Baile Lahaina léirscriosta ag loscadh mór

Áirítear 1,100 duine ar a laghad a bheith fós ar iarraidh in oileán Maui i Haváí tar éis do loscadh ábhalmhór lomscrios a dhéanamh ar an áit.

Níl ach 115 corp faighte go nuige seo, áfach, agus níl ach 27 acusan aitheanta go hoifigiúil, a deir na húdaráis.

Ba é baile Lahaina ar chósta thiar Maui ba mhó a buaileadh agus is ar éigean atá foithnín fanta san áit ar geall le carn luatha anois é.

Bhí 12,000 duine ina gcónaí in Lahaina sular dódh go talamh é agus tá na seirbhísí éigeandála ar a míle dícheall ag iarraidh teacht ar choirp na gcéadta nach bhfuil tásc na tuairisc orthu.

Táthar ag féachaint freisin leis na coirp atá faighte cheana féin a aithint trí bhíthin tástálacha ADN (DNA).

Ní go rómhaith atá ag éirí leis na húdaráis sa mhéid sin, óir ní réidh cur ina luí ar ghaolta na marbh agus na ndaoine atá ar iarraidh samplaí ADN a chur ar fáil.

Go deimhin, níl samplaí faighte ach ó 104 duine – líon an-íseal i gcomórtas le mórthubaistí eile in áiteanna eile ar domhan.

Ceaptar go mb'fhéidir go bhfuil imní ar dhaoine go mbainfí mífhónamh as a gcuid samplaí ADN.

Níl aon bhun lena mbuairt, dar leis na húdaráis, mar gur faoi thuairim coirp a aithint amháin, a deir siad, a bhainfí leas as na samplaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ