skip to main content

2,000 teach tábhairne dúnta ó 2005, 108 anuraidh

Bairillí diúgtha: 2,000 teach ósta dúnta ó 2005
Bairillí diúgtha: 2,000 teach ósta dúnta ó 2005

Tá beagnach 2,000 teach tábhairne dúnta sa Stát ó 2005, a deirtear i dtuarascáil úr ó scátheagraíocht ionadaíochta thionscal na dí.

Sin 22.5% de thithe tábhairne uile an Stáit, de réir na heagraíochta.

Tugtar le fios sa tuarascáil freisin gur dhún 450 tábhairne ó thús na paindéime Covid-19 – 108 acu anuraidh – agus gur tithe faoin tuath a mbunáite.

Soilsítear ann na trí chontae ba mhó ar dhún tithe tábhairne iontu ó thaobh céatadáin de le hocht mbliana déag.

Dhún 32% de thithe tábhairne i Luimneach, 29.9% i gCorcaigh agus 29.9% i Laois ó 2005.

Lena ais sin, níor dhún ach 3.4% de thithe tábhairne i mBaile Átha Cliath.

Tá tionscal na dí ag achainí ar an Rialtas tuilleadh tacaíochta a thabhairt do thábhairní beaga áitiúla agus, thar aon ní eile, an dleacht mháil a ghearrtar ar alcól a laghdú gan spás.

Ba chóir a chur san áireamh, a deir siad, go mbíonn pobail tuaithe thíos leis go mór go heacnamaíoch agus go sóisialta nuair a dhúnann tithe tábhairne áitiúla.

Téann an scéal i gcion ar a lán daoine – idir fhostóirí, oibrithe agus sholáthraithe – gan trácht ar lucht earnáil na turasóireachta, a deir tionscal na dí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ