B'éigean tráigh i gCorca Dhuibhne i gCo Chiarraí a dhúnadh de dheasca sciorradh talún a tharlaigh ansan arbhú inné.
Thart ar 4 a chlog Dé Domhnaigh a scéigh an fhaill ar an mBinn Bháin, atá gar don nDaingean, agus fágadh na tonnaí cré agus cloch ar an gcosán síos chun na trá.
Bhí daoine ag snámh agus siúl na trá nuair a tharlaigh an sciorradh ach níor goirtíodh éinne.
Tá an bóithrín cúng síos chun na trá dúnta age Comhairle Contae Chiarraí.
Deirid go bhfuil measúnú á dhéanamh ag innealtóirí ar an láthair agus go ndéanfar gach iarracht an tráigh a dh'oscailt chomh luath agus is féidir.
Tá cuma leochaileach ar an bhfaill agus imní ann go bhféadfadh tuilleadh scéachtaint.

Deir an Comhairleoir Breandán Fitzgerald gur scéigh píosaí beaga den bhfaill roimis seo ach go bhfuil sé ana-dhainséarach anois.
Tá éileamh déanta aige ar Chomhairle Contae Chiarraí gníomhú chomh tapaidh agus is féidir chun an tráigh a dh'oscailt aríst agus an bealach síos chuichi a dhéanamh níosa shábhálta.
Deir an té gur leis an talamh ar bharra na haille go bhfuil sé sásta comhoibriú leis an gComhairle.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ