skip to main content

An Naomh Éanna le briseadh i mBaile Átha Cliath

Creatlach an Naomh Éanna i mBaile Átha Cliath
Creatlach an Naomh Éanna i mBaile Átha Cliath

Tá an Naomh Éanna, an bád aitheanta a chaith tríocha bliain ag tabhairt paisinéirí idir Gaillimh agus Árainn, le briseadh i mBaile Átha Cliath.

Tuigtear go ndéanfar sin as seo go ceann dhá mhí.

Is ag Dug na Canálach Móire atá sí feistithe faoi láthair – gan í ach ina creatlach – agus is iomaí feachtas a bunaíodh in aisce le blianta fada le súil an t-árthach a chaomhnú agus a thabhairt ar ais go Gaillimh.

Chaith an Naomh Éanna breis agus tríocha bliain ag imeacht siar agus aniar ó Oileáin Árann go dtí gur cuireadh deireadh lena seirbhís i 1986.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ