skip to main content

Lóistín do mhic léinn atá díomhaoin le cur ar fáil do dhídeanaithe

5,000 leaba do mhic léinn tógtha ag dídeanaithe an samhradh seo
5,000 leaba do mhic léinn tógtha ag dídeanaithe an samhradh seo

Tá sé dearbhaithe ag an Rialtas gur féidir cóiríocht do mhic léinn a chur ar fáil d'inimircigh feasta má tá an chóiríocht sin díomhaoin ar feadh bliana.

Moladh a leithéid i gcás ionad cóiríochta do mhic léinn i gCo Shligigh le deireanas, ach caitheadh an plean sin i gcártaí nuair a chuir polaiteoirí áitiúla ina choinne agus nuair a tháinig sé chun solais go raibh easaontas faoi idir an Roinn Lánpháirtíochta agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais.

Tá an dá Roinn Rialtas sin tar éis mórtachas a dhéanamh le chéile agus tá siad ar aon intinn anois gur féidir feasta lóistín do mhic léinn atá díomhaoin ar feadh dhá mhí dhéag nó níos faide a chur ar fáil d'inimircigh.

Ina cheann sin, aontaíodh go dtabharfaí ar ais do mhic léinn san fhómhar aon lóistín a chuirfí ar fáil d'inimircigh i gcaitheamh an tsamhraidh.

Faoi láthair, tá 5,000 leaba do mhic léinn i mbreis agus 20 coláiste ar fud na tíre tógtha ag dídeanaithe.

Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris gur den riachtanas é an lóistín sin a thabhairt ar ais do na mic léinn faoi thús na bliana acadúla.

Thug an Taoiseach Leo Varadkar le fios gur socrú praiticiúil agus stuama a bhí sa phlean úr.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ