skip to main content

41 imirceach báite sa Mheánmhuir, ceathrar tugtha slán

Ceathrar tugtha slán agus curtha faoi chúram Gharda Cósta na hIodáile
Ceathrar tugtha slán agus curtha faoi chúram Gharda Cósta na hIodáile

Tuairiscítear gur báthadh 41 imirceach nuair a chuaigh a mbád síos amach ó oileán Lampedusa sa Mheánmhuir.

Is leis an Iodáil an t-oileán ach is gaire don Túinéis é.

Tuigtear gur ó chalafort Sfax in oirthear na Túinéise a sheol an bád agus gur ag tabhairt aghaidh ar Lampedusa, nó áit éigin eile san Iodáil, a bhí sí nuair a chuaigh sí síos.

Deirtear gur tháinig ceathrar slán – triúr fear agus bean – arb as an an gCósta Eabhair agus as an nGuine in iarthar na hAfraice iad.

Lastlong a tharrtháil an ceathrar agus cuireadh iad faoi chúram Gharda Cósta na hIodáile ina dhiaidh sin.

Níl sé soiléir fós an bhfuil aon bhaint ag an scéal le tuairiscí a bhí ann Dé Domhnaigh seo caite faoi dhá bhád a dúradh a chuaigh síos sa limistéar céanna.

Bhí tuairisc eile fós ann ar an Domhnach gur báthadh os cionn leathchéad imirceach amach ó Sfax.

De réir figiúirí atá curtha ar fáil ag Rialtas na hIodáile, tá thart ar 93,700 imirceach tagtha ar bháid chun na hIodáile go dtí seo i mbliana, i gcomparáid le 44,700 san achar céanna anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ