skip to main content

Accenture chun ⅐ dá meitheal sa tír a ligean chun bealaigh

6,500 atá fostaithe in Éirinn faoi láthair ag Accenture.
6,500 atá fostaithe in Éirinn faoi láthair ag Accenture.

Tá an chuideachta Accenture tar éis fógairt go bhfuil siad chun 890 duine a ligean chun siúil as a gcuid postanna.

Sin 14% den 6,500 atá fostaithe acu sa tír.

Mí an Mhárta d'fhógair Accenture go raibh siad chun fáil réidh le 2.5% den líon atá fostaithe go domhanda acu.

Cheana féin i mbliana tá 1,300 duine ligthe chun siúil ag an gcuideachta in Éirinn - 400 díobh ar chlár iomaíochta.

Tá an chuideachta seirbhísí buailte go dona ag an ngearradh siar atá déanta le bliain anuas ag mórchuideachtaí teicneolaíochta ar nós Meta (Facebook mar a bhíodh) atá tar éis ⅓ú cuid dá meitheal a ligean chun bealaigh.

Ceanncheathrú Accenture, Dugaí Bhaile Átha Cliath

Tá na mílte fostaí ag Accenture ach iad ag feidhmiú mar a bheadh seachfhoinsithe – curtha amach ag obair ar chonradh – le ollchuideachtaí teicneolaíochta cosúil le Meta agus Microsoft.

Cuireann Accenture seirbhísí ar fáil freisin do bhancanna, eagrais stáit agus mórchuideachtaí tionsclaíochta agus cógaisíochtaí ar fud na cruinne.

Inniu a cuireadh foireann oibre na hÉireann ar an eolas faoin gciorrú ar phostanna.

Deir Accenture nach bhfuil sé i gceist acu an gearradh siar a phlé go poiblí go mbeidh comhráití críochnaithe leis an meitheal faoi chlár iomarcaíochta.

Deir siad go bhfuil siad dírithe go fóill ar fhreastal ar a gcuid custaiméirí agus go bhfuil siad lán-dáiríre i gcónaí faoina ngnó in Éirinn.