skip to main content

Níl a fhios fós céard ba thrúig bháis do Shinéad O'Connor

Níl a fhios fós céard ba thrúig bháis do Shinéad O'Connor
Níl a fhios fós céard ba thrúig bháis do Shinéad O'Connor

Dúirt cúirt chróinéara i Londain nach bhfuil aon chúis leighis tugtha go fóill a mhíneodh céard ba thrúig bháis don amhránaí Éireannach Sinéad O'Connor.

Thug an chúirt atá lonnaithe i ndeisceart Londain le fios go mbeadh scrúdú iarbháis i gceist ach go bhféadfadh sé nach mbeadh toradh an scrúdaithe sin ar eolas go ceann roinnt seachtainí.

'D'fhéadfadh sé go mbeadh coiste cróinéara i gceist freisin, ag brath ar thorthaí an scrúdaithe iarbháis agus éistfear freisin le haighneachtaí ó theaghlach Shinéad O'Connor', a deir an chúirt.

Deir Póilíní an Met i Londain nach raibh mothú ar bith i Sinéad O'Connor nuair a thángthas uirthi ina teach cónaithe in oirdheisceart na cathrach sin ar maidin inné.

Deir siad áfach nach dóigh leo go bhfuil aon ní amhrasach maidir lena bás ná go raibh sé fealltach ar aon bhealach.