Tá an t-amhránaí cáiliúil Sinéad O'Connor tar éis bháis in aois a sé bliana déag agus dhá scór.
Níl sé ráite fós cad ba thrúig bháis di.
I mBaile Átha Cliath a rugadh Sinéad O'Connor i 1966 agus i nGleann na gCaorach i ndeisceart an chontae a tógadh í.
Bhain sí clú agus cáil amach a chéaduair leis an amhrán Mandinka i 1987 óna céad albam The Lion and the Cobra agus níos mó clú fós le Nothing Compares 2 U i 1990.
I ráiteas tráthnóna, dúirt a teaghlach gur mór an phúir a bás agus d'iarr siad ar dhaoine gan coiscriú a chur fúthu agus iad ag dul i ngleic lena mbris.
Thaifead Sinéad O'Connor deich n-albam stiúideo ar fad lena linn.

Bhí sí pósta roinnt babhtaí agus bhí ceathrar clainne uirthi.
Cailleadh duine den chlann, a mac Shane, go tragóideach anuraidh.
Bean dheisbhéalach ab ea Sinéad O'Connor a labhair amach faoi ábhair éagsúla.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mb'oth leis scéala báis Shinéad O'Connor a chloisteáil agus rinne sé comhbhrón lena teaghlach.
Ba bhean í a raibh an-tóir ar fud an domhain ar a cuid ceoil, a dúirt sé.
"Ar dheis Dé go raibh a hanam!" arsa sé.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ