skip to main content

Poblacht na hÉireann 0-1 An Astráil: mí-ádh ar chosbháireoirí mná

Denise O'Sullivan ag tabhairt iarraidh ar an gcúl
Denise O'Sullivan ag tabhairt iarraidh ar an gcúl

Buaileadh foireann ban Phoblacht na hÉireann ina gcéad chluiche i gCorn Sacair an Domhain i Sydney inniu.

Ba in aghaidh na hAstráile – an tír óstach – a bhí na hÉireannaigh ag imirt agus ainneoin gur chruthaigh siad go maith chaill siad 1-0.

Ní raibh idir an dá fhoireann ach cic pionóis a bronnadh ar na hAstrálaigh as mionfheall a rinne Marissa Sheva ar Hayley Raso.

Ba í Steph Catley a chuir an báire ar son na hAstráile agus 52 nóiméad caite sa chluiche.

Fuair na hÉireannaigh traíáil ar an gcluiche a chothromú gar don deireadh nuair a bronnadh saorchic orthu díreach taobh amuigh den bhosca pionóis.

Chuir Megan Connolly an liathróid thar an trasnán, áfach, agus leis sin bhí port na nÉireannach seinnte.

Ní mór d'fhoireann na hÉireann misneach a ghlacadh chucu féin arís in am dá gcéad chluiche eile in aghaidh Cheanada Dé Céadaoin seo chugainn.

Ní mór fuinneamh a theacht iontu arís freisin ós in Perth, atá 4,000 ciliméadar ar shiúl ó Sydney, a bheas an cluiche sin ar siúl.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ