Tá dréachtphlean le tabhairt os comhair an Rialtais roimh dheireadh na míosa faoin rún atá ag an Aire Iompair Eamon Ryan gréasán iarnróid na tíre a cheangal le chéile.
Tá sé i gceist go mbeadh bóthar iarainn idir cathracha na tíre agus go mbeadh líne traenach idir Béal an Átha i Maigh Eo agus Calafort Ros Láir i Loch Garman.
Ach tá imní léirithe ag an ngrúpa feachtais West on Track gur seirbhís lastais, gan seirbhís paisinéirí, atá beartaithe.
Mar thoradh ar an athbhreithniú atá déanta ag an Roinn Iompair tuigtear dúinn go mbeidh líne traenach i nDún na nGall, an chéad uair le leithchéad bliain.
Tá an tAire Ryan tar éis a rá freisin go bhfuil sé ag iarraidh go mbeidh traenacha níos scioptha ar na ráillí idir na bailte móra le líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú.
I 2021 a shocraigh an tAire Iompair agus Aire Bonneagair Thuaisceart Éireann - Nicola Mallon ag an am - go dtabharfaí faoi athbhreithniú straitéiseach ar líonra iarnróid an oileáin ina iomláine.
Tá sé ráite ag West on Track go gcaithfear a chinntiú go mbeidh an tseirbhís as Maigh Eo soir ó dheas trasna na tíre ar fáil do phaisinéirí agus nach seirbhís lastais an t-aon soláthar a bheidh ann.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Aodhán Ó Maoileoin ar Nuacht TG4 ag 1900.