skip to main content

Pá fhoireann RnaG, cláir Ghaeilge luaite ag coiste Oireachtais

RTÉ Raidió na Gaeltachta
RTÉ Raidió na Gaeltachta

Luadh pá fhoireann oibre RTÉ Raidió na Gaeltachta agus an t-athbhreithniú atáthar a dhéanamh air nuair a tháinig feidhmeannaigh ó RTÉ os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí inniu.

Chur Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas ceist ar Phríomh-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst faoin athbhreithniú atá ar bun ag an chomhlacht Willis Tower Watson ar thuarastail oibrithe in RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcomparáid le tuarastail a gcomhghleacaithe Béarla.

Thug Kevin Bakhurst le fios gur labhair sé le ceannaire Acmhainní Daonna RTÉ faoin cheist agus dúirt gur chreid sé go raibh an t-athbhreithniú ar bun rófhada agus gur mhian leis dlús a chur le cúrsaí.

Dúirt sé gur mhaith leis go bhfoilseofaí an t-athbhreithniú go luath mar go raibh an fhoireann ag fanacht leis le roinnt blianta agus go raibh sé féin ag iarraidh labhairt leo faoi.

Mhaígh sé fosta go mbeadh deiseanna dul chun cinn, pá agus dálaí oibre mar chuid den athbhreithniú ar RTÉ trí chéile atá fógartha aige.

Dúirt Marc Ó Cathasaigh chomh maith ainneoin TG4 bheith ann nár cheart do RTÉ faillí a dhéanamh i soláthar clár Gaeilge.

Bhí cathaoirleach bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh i láthair ag an éisteacht inniu fosta agus mhaígh sí go raibh dul chun cinn déanta ag an eagraíocht maidir leis an Ghaeilge ach go raibh níos mó le déanamh go fóill.

Dar léi gur cheart go mbeadh níos mó comhoibrithe idir RTÉ agus TG4 i dtaca le cláir Ghaeilge de.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ