Biden sa Bhreatain
Bhuail an tUachtarán Joe Biden leis an Rí Séarlas agus le Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak agus é ar chuairt ghearr ar an mBreatain agus é ar a bhealach chuig cruinniú de chuid NATO sa Liotuáin. Phléigh an bheirt ceannairí cinneadh na Stát Aontaithe cnuasbhuamaí a sholáthar don Úcráin. Tá an Ríocht Aontaithe i gcoinne a n-úsáide.
Prigozhin sa Kremlin
Deir an Kremlin gur bhuail Vladimir Putin le ceannaire an ghrúpa Wagner, Yevgeny Prigozhin i Moscó and 29 Meitheamh, roinnt laethanta tar éis iarracht an ghrúpa réimeas Putin a threascairt, iarracht ar theip air. Níltear cinnte go fóill céard a d'éirigh de cheannairí agus do bhaill an ghúpa, nó cén ról míleata a bheidh acu feasta, ach is iad an dúshlán is mó do cheannas Putin fós iad.
Teas Mór
Deir Eurostat gur mharaigh teas an tsamhraidh seo caite 61,000 duine san Eoraip, an samhradh ba theo a taifeadadh go fóill. Chonacthas triomach, toinn teasa agus falscaí a chuaigh ó smacht. Idir and 30 Bealtaine agus an 4 Meán Fómhair a comhairíodh na básanna. An Iodáil, An Spáinn agus an Ghearmáin na trí thír ba mheasa a buaileadh.
Rutte le héirí as an bpolaitíocht
Deir Príomh-Aire na hÍsiltíre, Mark Rutte go n-éireodh sé as an bpolaitíocht ar fad tar éis dá chomhrialtas titim as a chéile. Tháinig a ráiteas aniar aduaidh ar an bpobal, ós é an ceannaire is faide seirbhís sa tír.
Deire Mark Rutte go n-éireodh sé as tar éis toghcháin mí na Samhna, toghcháin a gairmeofar tar éis scoilt ina rialtas mar gheall ar easaontas faoi srianta a chur ar an inimirce.
Bhí sé ina cheannaire ar 4 chomhrialtas ó 2010.