skip to main content

Dhá athbhreithniú ar ghnóthaí RTÉ le bunú ag an Rialtas

An tAire Meán Catherine Martin
An tAire Meán Catherine Martin

Tá an Rialtas le dhá athbhreithniú neamhspleácha ar ghnóthaí RTÉ a bhunú i bhfianaise na conspóide faoi íocaíochtaí a tugadh don láithreoir Ryan Tubridy nár fógraíodh go poiblí mar ba chóir.

Agus an dá athbhreithniú á bhfógairt aici inniu, mhaígh an tAire Meán Catherine Martin go raibh an bonn bainte ag an gconspóid den mhuinín a bhíodh ag an bpobal agus ag foireann oibre RTÉ as an eagraíocht.

Ní mór rialachas agus cultúr na heagraíochta a fhiosrú go cuimsitheach le grá an mhuinín úd a thuilleamh as an nua, arsa sí.

Sa chéad athbhreithniú, breathnófar ar struchtúir rialachais agus ar chultúr eagraíochtúil RTÉ, agus déanfar moltaí lena bhfeabhsú.

Is iad an tOllamh Niamh Brennan, an Dr Margaret Cullen agus an tríú duine nach bhfuil ceaptha fós a bheas i bhfeighil an athbhreithnithe sin.

Sa dara hathbhreithniú, breathnófar ar íocaíochtaí le conraitheoirí agus lena ngníomhairí chomh maith le ceisteanna acmhainní daonna, fearacht cúrsaí comhionannas inscne agus cúrsaí lánpháirtíochta.

Dhearbhaigh an tAire Martin chomh maith gur shocraigh sí, tar éis di an scéal a phlé le hionadaithe foirne, go mbreathnófaí sa dara hathbhreithniú ar na deiseannna atá nó nach bhfuil ag fostaithe RTÉ dul chun cinn go gairmiúil.

Is iad Brendan McGinty, Patricia King agus an tríú duine a cheapfar gan mhoill a bheas i bhfeighil an dara hathbhreithniú.

Ceanncheathrú RTÉ, Domhnach Broc

Tá sé i gceist an dá athbhreithniú a chríochnú faoi cheann sé mhí ach tuigtear go gcuirfear tuarascálacha eatramhacha i dtoll a chéile i gcaitheamh an ama.

Thug Catherine Martin le fios chomh maith go bhféadfadh sí téarmaí tagartha na n-athbhreithnithe a leathnú dá mbeadh aon chora eile sa chonspóid idir dhá linn.

Ag tagairt a bhí sí go háirithe do choistí Oireachtais agus don fhiosrúchán atá ar bun ag comhairleoirí Grant Thornton nach eol d'aon duine fós céard a thiocfas astu.

Tá rún ag an Aire Martin freisin cuntasóir fóiréinseach a cheapadh le breathnú ar chuntais bhabhtála nó ar aon chuntais eile nach bhfuil ar na cláir chomhardaithe in RTÉ.

Ina cheann sin, dúirt sí go raibh sé tugtha le tuiscint ag Príomh-Stiúrthóir nuacheaptha RTÉ Kevin Bakhurst go mbreathnódh sé ar bhord feidhmiúcháin RTÉ a bhunú as an nua agus dúirt go raibh sí ag iarraidh an cheist sin a phlé leis.

Cáineadh baill den bhord feidhmiúcháin go láidir faoin méid a dúirt siad os comhair coistí Oireachtais an tseachtain seo caite agus faoin gcaoi a ndúirt siad é.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ