Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar i nDáil Éireann tráthnóna go raibh an-imní ar an Rialtas faoi ionradh Arm Iosrael ar bhaile Jenin ar an mBruach Thiar.
Tá deichniúr Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh in Jenin le trí lá, tá corradh le céad duine gafa acu agus tá na mílte eile curtha as a n-árais chónaithe de bharr an ruathair.
Thug an Taoiseach le fios go raibh imní air faoi ghéire an fhoréigin atá an dá thaobh [Iosraelaigh agus Palaistínigh araon] a dhéanamh ar a chéile agus dúirt go gcaithfí sibhialtaigh a chosaint thar aon ní eile.
Ag tabhairt freagra a bhí sé ar an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly a dúirt ina dhiaidh sin go raibh sé dochreidte chomh lag agus a bhí ráiteas Leo Varadkar.
Dar le Catherine Connolly nach bhfuil an Rialtas ag déanamh dada faoina bhfuil ar bun ag na hIosraelaigh agus nach bhfuil le tairiscint acu ach an focal mór agus droch-chur leis.
Mhaígh sí go raibh 167 Palaistíneach maraithe ag Arm Iosrael go dtí seo i mbliana agus dúirt go raibh "Baile agus Gairdín" baiste ag na hIosraelaigh ar an ionradh ar Jenin [ar nós gur leo ó cheart críocha na bPalaistíneach].
D'fhreagair an Taoiseach nach raibh aon neart ag Rialtas na hÉireann ar na hainmneacha a thugann na hIosraelaigh ar a gcuid oibríochtaí míleata – bíodh is go mbíonn siad míchuí, dar leis.
D'iarr urlabhraí gnóthaí eachtracha Shinn Féin Matt Carthy ar an Rialtas an t-ionsaí ar Jenin a cháineadh chomh láidir agus ab fhéidir agus díospóireacht ar an scéal a reáchtáil sa Dáil.
Chuir Richard Boyd Barrett ó Dhlúthpháirtíocht-PRB i leith an Rialtas go raibh siad "bainteach – agus ag iarraidh a bheith níos baintí fós – le tionscal an bháis agus an scriosta san Eoraip a chuireann airm ar fáil do na hIosraelaigh".
Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik go raibh iompar Arm Iosrael "uafásach".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ