skip to main content

Ceann de na hionraí is mó le 20 bliain ar Bhruach Thiar na Palaistíne ar bun ag Arm Iosrael.

Palaistínigh i Jenin ar tí scaoileadh le iompróir armúrtha saighdiúirí de chuid Arm Iosrael.
Palaistínigh i Jenin ar tí scaoileadh le iompróir armúrtha saighdiúirí de chuid Arm Iosrael.

Tá ceann de na hionraí is mó le 20 bliain ar Bhruach Thiar na Palaistíne ar bun ag Arm Iosrael.

Ochtar ar a laghad atá maraithe agus os cionn 50 gortaithe - dáréag acu sin gortaithe go tubaisteach - go dtí seo ag breis is míle saighdiúir atá seolta i dteannta 10 gcinn nó níos mó d'ionsaithe ó dhróin ar chathair Jenin.

Tá sé tugtha le fios ag Iosrael gur chuir siad na Stáit Aontaithe ar an eolas faoin ionradh a bhí beartaithe achar gearr sula ndeachaingh siad i mbun cogaíochta.

Níor facthas a leithéid ó cuireadh deire leis an Dara Éirí Amach (Intifada) ag tús an Chéid.

Maraíodh 50 Palaistíneach agus 23 saighdiúir as Iosrael i 2022 le linn Cath Jenin.

Inniu, tá aonad de chuid Bhriogáid Jenin - lucht cosanta na cathrach - tar éis a bheith i mbun catha agus ag scaoileadh piléar ó mhaidin leis na saighdiúirí agus deir siad go bhfuil ceann de na dróin a d'ionsaigh siad leagtha go talamh acu.

Palaistíneach ag caitheamh cloiche le feithicil Airm

Ag tráthanna le linn an lae, bhí 6 cinn de dhróin le feiceáil ag aon am amháin ag guairneáil os cionn Jenin agus an campa teifeach in aice láimhe - limistéar leathchiliméadar cearnach ina bhfuil 14,000 duine plódaithe.

Le bliain agus tuilleadh tá ruathair go rialta déanta ag Arm Iosrael ar Jenin agus tá Palaistínigh tar éis cóilínigh de chuid Iosrael a ionsaí in iarracht díoltas a bhaint amach.

Le gairid tá buíonta armtha cóilíneach tar éis scrios a dhéanamh ar bhailte beaga agus gabháltais Phalaistíneacha.

Tar éis an ionsaithe óna dróin a seoladh feithiclí Airm agus ollscartairí isteach go Jenin

Deir Arm Iosrael go bhfuil siad tar éis foirgneamh a ionsaí ina raibh lárionad ceannais ag lucht troda na Briogáide, agus go bhfuil siad i mbun feachtais leis an ruaig a chuir ar lucht cosanta na Palaistíne amach as an gcampa teifeach.

Deir urlabhraí go mairfidh an t-ionradh pé achar agus is gá, agus tá feidhmeannaigh sa Roinn Cosanta in Iosrael ag tabhairt le fios go mbeidh na saighdiúirí san áit ar feadh roinnt laethanta ar a laghad.

Ionsaí dróin agus roicéid Arm Iosrael ar Jenin an mhí seo caite

Go dtí mí ó shin ní raibh Arm Iosrael tar éis ionsaí le dróin a dhéanamh ar an mBruach Thiar ó 2016 ach thug urlabhraí an Airm le fios ar ball beag nach raibh aon ghabháil-as de bharr an bhorradh atá tagthaí ar an mBriogáid.

Dúirt sé gur i mbun "cruinn-ionsaithe ar sceimhlitheoirí" atá an tArm.

Ní léir go fóill an spreagfar lucht armtha Palaistíneach i nGaza, an stráice caol cois cósta, atá faoi cheannas Hamas.