Tá sé ráite ag Oifig na hAimsire go bhfuil súil le teochtaí níos airde agus le tuilleadh stoirmeacha toirní, de bharr athrú aeráide.
Tá an foláireamh seo tugtha, i bhfianaise réamhthorthaí atá curtha i dtoll a chéile ag Oifig na hAimsire maidir leis an mí seo atá díreach imithe tharainn, a léiríonn gurbh é an Meitheamh ba theo riamh sa tír seo ó cuireadh tús leis na taifid aimsire, 83 bliain ó shin.
Tá foláireamh eisithe ag an Eagras Aimsire Domhanda go bhfuil Mór-roinn na hEorpa ag éirí níos teo dhá oiread níos tapúla ná na hílchríocha eile.
Deir Oifig na hAimsire anseo go bhfuil an tionchar sin le brath in Éirinn cheana féin. 16 céim Celsius a bhí ann mar theocht, ar an meán, i mí an Mheithimh. Ní raibh an meán teocht riamh chomh hard sin le linn mhí an Mheithimh in Éirinn.
Rinneadh taifead den teocht ab airde go dtí seo i mbliana - 28 C - i gCeatharlach.
"In ainneoin an laghdaithe atá tagtha ar theochtaí le cúpla lá anuas", a dúirt an saineolaí aeráide, Paul Moore, ó Oifig na hAimsire inniu, "táimid fós den tuairim go léireofar gurbh í seo an Meitheamh ba theo riamh ar na taifid, nuair a bheas na sonraí seasta ar fáil."