Tá Yevgeny Prigozhin - ceannasaí fhórsaí gallóglach Wagner - tar éis labhairt go poiblí an chéad uair ó theip tar éis aon lá amháin ar cheannairc a bhí beartaithe aige.
Más fíor don chaint 11 nóiméad a rinne sé i mír fuaime ar ardán Telegram a craoladh tráthnóna, ní coup d'état i Moscó a bhí súil aige a bhaint amach ach agóid ag léiriú easpa gábhail chun cinn fheachtas armtha na Rúise san Úcráin.
Idir an dá linn bhí Aire cosanta na Rúise, Sergei Shoigu, le feiceáil ar an teilifís sa tír an chéad uair le 2 lá, tráth ná raibh aon radharc air an fhad is a mhair ceannairc Wagner.
Tá sé tugtha le fios ag Príomhaire na Rúise, Mikhail Mishustin, go bhfuil an Rialtas fós ag seasamh leis an Uachtarán Putin "agus tréimhse achrainn i bpolaitíocht na tíre curtha dhínn againn."
Tar éis 24 uair an chloig a chaitheamh ag máirseáil, agus seilbh glactha acu ar an mbunáit a bhí ag Arm na Rúise i gcathair Rostov-ar-an-Don bhí fórsaí Prigozhin 200 km as Moscó, nuair a fógraíodh go raibh deireadh leis an gceannairc.
Buille mór don Rúis ab ea an t-éirí amach agus léiriú deirtear ar laigeacht ceannasaíochta - buntáiste b’fhéidir do lucht cosanta na hÚcráine.
Ag labhairt ar ball dúirt Prigozhin nach raibh sé mar aidhm aige Putin a chur de dhroim seoil ach gur theastaigh uaidh a chinntiú go nglacfadh ceannairí na tíre "freagracht as na botúin atá déanta" sa gcogaíocht.
Cháin sé fórsaí slándála na Rúise go tréan an athuair agus thug le fios go mbeadh deireadh tagtha i bhfad roimhe seo leis an gcogadh dá mbeadh an Grúpa Wagner i gceannas ar an ionradh.
I Moscó tá deireadh curtha leis na srianta a bhí i bhfeidhm ag an deireadh seachtaine ach níl aon tagairt déanta go fóill ag Putin do cheannairc an tSathairn.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Donncha Ó Murchú ar Nuacht TG4 ag 1900.