"Inpléascadh tubaisteach" a bhain do mhion-fhomhuireán an Titan ba chionsiocair le bás an chúigir a bhí inti, dar le Garda Cósta na Stát Aontaithe.
Tráthnóna inné, aimsíodh píosaí den fhomhuireán ceithre chiliméadar faoin uisce agus leathchiliméadar ó ghualainn raiceáil an Titanic san Atlantach Thuaidh.
Bhí an Titan ag tabhairt turas faoin raiceáil nuair a gearradh an chumarsáid idir í agus lucht a stiúrtha ar bharr na farraige Dé Domhnaigh seo caite.
Dar leis an Seachaimiréal John Mauger ó Gharda Cósta na Stát Aontaithe go ndealraíonn sé gur inphléasc cuasán brú an fhomhuireáin.
Ní féidir a rá fós, áfach, cén fáth ar tharla an t-inpléascadh ná cén uair go baileach a tharla sé, a dúirt an Seachaimiréal Mauger.
Dhearbhaigh sé, mar sin féin, go raibh baoithe sonóra san uisce ar feadh trí lá sular aimsíodh smionagar an fhomhuireáin inné agus nach raibh aon torann mór ná troimpléasc braite acu i gcaitheamh an achair sin.
Os a choinne sin, tháinig sé chun solais tráthnóna inné gur bhraith gléasra sonóra Chabhlach na Stát Aontaithe troimpléasc sa limistéar farraige gar don Titanic ar an Domhnach.
Tá sé le tuiscint ón méid sin ar fad, mar sin, gur cosúil gur inphléasc an t-árthach go gairid tar éis di a bheith ligthe síos san uisce ag an long stiúrtha.
Níl aon chaint faoi láthair ar choirp an chúigear fear a bhí san fhormhuireán a aimsiú.
Is iad an cúigear sin an toicí as an mBreatain Hamish Harding, 58 bliain; an fear gnó as an bPacastáin Shahzada Dawood, 48 bliain, agus a mhac Sulaiman a bhí naoi mbliana déag; an píolóta as an bhFrainc Paul-Henry Nargeolet, 77 bliain; agus an Meiriceánach Stockton Rush, 61 bliain, bunaitheoir an chomhlachta OceanGate ar leo an t-árthach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ