Tá feachtas ar bun le leacht a thógáil i gcuimhne Savita Halappanavar, an bhean 31 bliain d'aois as an India a bhásaigh in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, corradh le deich mbliana ó shin.
Fuair sí bás mar gheall ar sheipsis ina broinn nuair a bhí sí cúig mhí torrach.
Diúltaíodh ginmhilleadh di cé gur iarr sí sin cúpla uair.
Chuir bás Savita Halappanavar tús le gluaiseacht shóisialta a ndearnadh leasú ar dhlíthe ginmhillte na tíre mar thoradh air.
Thug lucht feachtais litir d'Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath ar maidin inniu ag achainí ar an gComhairle Cathrach leacht a choimisiúnú ina cuimhne.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ