skip to main content

Coimisinéir um Fhorbairt na Meán le scríobh chuig RTÉ agus TG4

Coimisiún na Meán: Rónán Ó Domhnaill, Niamh Hodnett, Jeremy Godfrey, Celene Craig
Coimisiún na Meán: Rónán Ó Domhnaill, Niamh Hodnett, Jeremy Godfrey, Celene Craig

Thug an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán le fios inniu go raibh sé i gceist aige scríobh chuig RTÉ agus TG4 faoi dheireadh na míosa seo maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta a bheith ag TG4 ó thaobh cúrsaí nuachta de.

Cuireann RTÉ clár nuachta ar fáil do TG4 gach lá ach moladh i dtuarascáil ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán gur chóir go mbeadh an clár sin neamhspleách ar RTÉ ó thaobh cúrsaí eagarthóireachta de.

Bunaíodh Coimisiún na Meán faoin Acht um Rialáil Sabháilteachta ar Líne agus na Meán in 2022 agus scoireadh Údarás Craolacháin na hÉireann.

Ghlac an coimisiún nuabhunaithe cúraimí an údaráis chraolacháin, mar aon le cúraimí eile.

Ceapadh triúr Coimisinéirí, mar atá, Coimisinéir Craolacháin, Coimisinéir Sabháilteachta ar Líne agus Coimisinéir um Fhorbairt na Meán.

Labhair na Coimisinéirí leis na meáin chumarsáide inniu faoin gclár oibre atá acu don bhliain amach romhainn.

Maidir leis an moladh neamhspleáchas eagarthóireachta a bheith ag TG4 ó thaobh cúrsaí nuachta de, dúirt an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán Rónán Ó Domhnaill gur "ceist í do RTÉ agus TG4 féachaint an féidir leo an moladh a chur i bhfeidhm".

"Ina dhiaidh sin", arsa sé, "titfidh sé [ceist an neamhspleáchais] ar Choimisiún na Meán mar chuid den athbhreithniú cuimsitheach [atá le déanamh] ar na meáin Ghaeilge".

Dhearbhaigh Rónán Ó Domhnaill go raibh rún aige scríobh chuig RTÉ agus TG4 faoi dheireadh na míosa seo lena fháil amach uathu an bhfuil aon dul chun cinn déanta acu ar an gceist.

Thug sé le fios nach raibh aon spriocam leagtha síos leis an gceist a réiteach.

Labhair an Coimisinéir um Shabháilteacht ar Líne Niamh Hodnett inniu faoin dualgas atá uirthi a chinntiú go mbaineann comhlachtaí ábhar díobhálach dá n-ardáin go pras.

Tá cód sabháilteachta á fhorbairt ag an gCoimisiún faoi láthair agus thug Niamh Hodnett le fios gur cód éigeantach seachas cód roghnach a bheadh ann.

Má sháraíonn meáin dhigiteacha na rialacha, a dúirt sí, beidh Coimisiún na Meán in ann fíneálacha móra a ghearradh orthu nó an dlí a chur orthu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ